2. Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí pearsanta a bhailítear, an oiread próiseála a dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach mbeidh sonraí pearsanta inrochtana mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.