6. Sula nglacfar na liostaí dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo, iarrfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna chur ar bun le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2016/679 liostaí den sórt sin a scrúdú i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 70(1) den Rialachán sin i gcás ina ndéantar tagairt iontu d’oibríochtaí próiseála ag rialaitheoir ag gníomhú dó i gcomhpháirt le rialaitheoir amháin nó níos mó seachas institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.