5. Sula ndéantar cinneadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí deis don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais is ábhar do na himeachtaí a reáchtálann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí éisteacht a fháil ar na nithe a bhfuil agóid ardaithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ina leith. Ní bhunóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chinntí nó a cinntí ar aon ní ach amháin ar na gearáin a raibh ar chumas na bpáirtithe lena mbaineann tuairim a thabhairt ina leith. Beidh dlúthbhaint ag na gearánaigh leis na himeachtaí.