2. Ceadófar próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag rialaitheoir eile chun aon cheann de na críocha a leagtar amach sa ghníomh dlí lena mbunaítear an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais seachas chun na críche sin ar chuici a dhéantar na sonraí pearsanta oibríochtúla a bhailiú, a mhéid:
|
(a)
|
atá an rialaitheoir údaraithe le dlí an Aontais sonraí pearsanta oibríochtúla den sort sin a phróiseáil chun na críche sin i gcomhréir le dlí an Aontais; agus
|
|
(b)
|
atá gá le próiseáil agus atá an phróiseáil comhréireach leis an gcríoch eile sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
|