1. Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh ag an rialaitheoir, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil í féin, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, déanfaidh sé, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus déanfaidh sé na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil chun ceanglais an Rialacháin seo agus an ghnímh dlí lena mbunaítear é a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.