|
+Airteagal 43 Forálacha breise chun sochar a ríomh ---+Article 43 1. ---+Article 43 2. ---+Article 43 3. |
Airteagal 43 Forálacha breise chun sochar a ríomhAirteagal 43 Forálacha breise chun sochar a ríomh 1. Chun críocha méid teoiriciúil agus méid iarbhír an tsochair a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(3), (4), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme. 2. I gcás nach ndearnadh tréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh a chur san áireamh faoi Airteagal 12(3) den Rialachán cur chun feidhme, déanfaidh institiúid an Bhallstáit ar cuireadh isteach na tréimhsí sin faoina reachtaíocht an méid atá ar comhréir leis na tréimhsí sin a ríomh faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Déanfar méid iarbhír an tsochair, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, a mhéadú an méid a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh. 3. Déanfaidh institiúid gach Ballstáit, faoin reachtaíocht a fheidhmíonn sí, an méid atá dlite a ríomh a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh agus, i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(c) den bhun-Rialachán, nach mbeidh faoi réir rialacha Ballstáit eile maidir le tarraingt siar, laghdú nó fionraí. I gcás nach gceadaítear leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil an méid seo a chinneadh go díreach, ar na forais go leithdháiltear leis an reachtaíocht luachanna difriúla i leith tréimhsí árachais, féadfar méid barúlacha a shuíomh. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid barúlach sin a chinneadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|