|
+Airteagal 48 Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí ---+Article 48 1. ---+Article 48 2. |
Airteagal 48 Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntíAirteagal 48 Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí 1. Tabharfaidh gach institiúid fógra don éilitheoir faoin gcinneadh a bheidh glactha aici i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Sonróidh gach cinneadh na leighis agus na tréimhsí le haghaidh achomharc. Nuair a bheidh fógra tugtha don institiúid teagmhála faoi na cinntí uile arna nglacadh ag gach institiúid, cuirfidh sí achoimre ar na cinntí sin chuig an éilitheoir agus chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin múnla na hachoimre. Cuirfear an achoimre chuig an éilitheoir i dteanga na hinstitiúide nó, arna iarraidh sin don éilitheoir, ina rogha teanga, ar teanga í a aithnítear mar theanga oifigiúil de chuid na n-institiúidí Comhphobail, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh. 2. I gcás ina bhfeicfear don éilitheoir, tar éis dó nó di an achoimre a fháil, go ndearna idirghníomhú idir chinntí a rinne dhá institiúid nó níos mó dochar dá chearta, beidh ceart aige chun athbhreithniú ar chinntí na n-institiúidí lena mbaineann laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta faoi seach. Is ar an dáta a bhfaighfear an achoimre a thosóidh na teorainneacha ama. Tabharfar fógra i scríbhinn don éilitheoir faoi thoradh na hathbhreithnithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|