|
+Airteagal 54 Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar ---+Article 54 1. ---+Article 54 2. ---+Article 54 3. |
Airteagal 54 Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na socharAirteagal 54 Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar 1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12(1) den Rialachán cur chun feidhme maidir le hAirteagal 61 den bhun-Rialachán. Gan dochar do bhunoibleagáidí na n-institiúidí lena mbaineann, féadfaidh an duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, arna eisiúint ag institiúid an Bhallstáit a raibh sé faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe agus ina sonraítear na tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin. 2. Chun Airteagal 62(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta i dtaca leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí á saothrú aige/aici mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, gach faisnéis a sholáthar gan mhoill d’institiúid na háite cónaithe, arna iarraidh sin di, ar faisnéis í a bheidh riachtanach chun sochair dífhostaíochta a fhéadfar a fháil sa Bhallstát ina bhfuil sé suite a ríomh, go háirithe an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas. 3. Chun críocha Airteagal 62 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus d’ainneoin Airteagal 63 den Rialachán sin, institiúid inniúil de chuid Ballstáit a bhforáiltear lena reachtaíocht go n-athraíonn ríomh na sochar de réir líon an teaghlaigh, cuirfidh sí san áireamh daoine de theaghlach an duine lena mbaineann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile amhail is dá mba ina gcónaí iad sa Bhallstát inniúil. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina mbeidh duine eile i dteideal sochar dífhostaíochta, arna ríomh ar bhonn líon na ndaoine den teaghlach, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar dhaoine den teaghlach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|