|
+Airteagal 62 Prionsabail ---+Article 62 1. ---+Article 62 2. ---+Article 62 3. |
Airteagal 62 PrionsabailAirteagal 62 Prionsabail 1. Chun críocha Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil méid iarbhír chostais na sochar comhchineáil, mar a léirítear i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, a aisíoc leis an institiúid sin, ach amháin i gcás ina mbeidh Airteagal 63 den Rialachán cur chun feidhme infheidhme. 2. Má tá aon mhéid de chostas iarbhír na sochar nó cuid de mhéid chostas iarbhír na sochar dá dtagraítear i mír 1 gan taispeáint i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, cinnfear an méid atá le haisíoc ar bhonn íocaíochta cnapshuime a ríomhfar ó na tagairtí iomchuí go léir a gheofar ó na sonraí atá ar fáil. Measúnóidh an Coimisiún Riaracháin na boinn a úsáidfear chun an íocaíocht chnapshuime a ríomh agus cinnfidh sé méid na híocaíochta sin. 3. Ní fhéadfar rátaí a chur san áireamh san aisíoc a bheidh níos airde ná na rátaí is infheidhme do na sochair chomhchineáil a chuirtear ar fáil do dhaoine árachaithe faoi réir na reachtaíochta atá á cur i bhfeidhm ag an institiúid a bhfuil na sochair dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar fáil aici. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|