|
+Airteagal 5 7. |
Airteagal 5 7.I gcás ina mbíonn moill ar choimisiúnú tionscadail atá ar liosta an Aontais nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an bplean cur chun feidhme, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart ag an tionscnóir tionscadail orthu, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
(a)
sa mhéid go bhfuil feidhm ag bearta dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2009/73/CE agus Airteagal 51(7), pointe (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2019/944 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena mbaineann, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar an infheistíocht;
(b)
más rud é nach bhfuil feidhm ag bearta údarás rialála náisiúnta de bhun phointe (a), roghnóidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de 24 mhí ón dáta coimisiúnaithe a leagtar amach sa phlean cur chun feidhme, tríú páirtí chun an tionscadal ar fad nó cuid de a mhaoiniú nó a thógáil;
(c)
mura roghnaítear tríú páirtí i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát nó, i gcás ina bhforálann an Ballstát amhlaidh, an t-údarás rialála náisiúnta, laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b), tríú páirtí a ainmniú chun an tionscadal a mhaoiniú nó a thógáil lena nglacfaidh an tionscnóir tionscadail;
(d)
i gcás inar faide ná 26 mhí an mhoill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe sa phlean cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann agus le comhar iomlán leo, glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí atá i gcumas a bheith ina thionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil i gcomhréir le tráthchlár comhaontaithe;
(e)
i gcás ina gcuirtear na bearta dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) i bhfeidhm, tabharfaidh an t-oibreoir córais, a bhfuil an infheistíocht lonnaithe ina limistéar féin, gach faisnéis is gá chun an infheistíocht a réadú do na hoibreoirí cur chun feidhme, do na hinfheisteoirí cur chun feidhme nó don tríú páirtí, nascfaidh an t-oibreoir córais sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha nó, i gcás inarb infheidhme, an gréasán dáileacháin agus déanfaidh an t-oibreoir córais, go ginearálta, sárdhícheall chun cur chun feidhme na hinfheistíochta a éascú agus chun oibríocht agus cothabháil shlán, iontaofa agus éifeachtúil an tionscadail atá ar liosta an Aontais a éascú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|