|
+Airteagal 12 1. |
Airteagal 12 1.Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di próiseas comhairliúcháin forleathan a chur i gcrích lena mbainfidh an Coimisiún, na Ballstáit, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna agus ar a laghad na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chomhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, na creat-treoirlínte le haghaidh na gcásanna comhpháirteacha a bheidh le forbairt ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a fhoilsiú. Déanfar na creat-treoirlínte sin a nuashonrú go tráthrialta de réir mar is gá. Beidh ENNOH rannpháirteach freisin sa phróiseas comhairliúcháin i leith aon nuashonrú ar na creat-treoirlínte. Sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bunófar critéir maidir le cásanna a fhorbairt ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus stóinsithe agus dea-chleachtais i réimse an mheasúnaithe ar bhonneagair agus na pleanála maidir le forbairt gréasáin á gcur i gcuntas. Beidh sé d’aidhm freisin ag na creat-treoirlínte a áirithiú go mbeidh na cásanna foluiteacha i leith ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 agus déanfar cásanna sin an Choimisiúin is déanaí a bheidh ar fáil, agus freisin, nuair is ábhartha, na pleananna fuinnimh agus aeráide náisiúnta, a chur i gcuntas iontu. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar i dtaca le conas a áirithiú go ndéanfaidh cásanna spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 a chomhlíonadh. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an ionchur sin sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás nach ndearna na Ballstáit, ó na geallsealbhóirí agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a chur san áireamh, nó nár chuir sí san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh sí na cúiseanna leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|