|
+Airteagal 11 1. |
Airteagal 11 1.Glacfaidh an t-oibreoir nósanna imeachta agus bearta maolaithe riosca, atá leordhóthanach chun a chinntiú nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach, sula gcuirfear na táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofar iad, ach amháin i gcás ina léirítear sa mheasúnú riosca, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, nach ann d’aon riosca nó gur diomaibhseach an riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis na nósanna imeachta agus bearta den sórt sin:
(a)
breis faisnéise, sonraí nó doiciméad, a iarraidh;
(b)
suirbhéanna nó iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh;
(c)
bearta eile a dhéanamh a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí le nósanna imeachta agus beart den sórt sin tacú le soláthróirí an oibreora sin, feirmeoirí beaga go háirithe, an Rialachán seo a chomhlíonadh, trí fhothú acmhainneachta agus infheistíochtaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|