+Airteagal 28 Comhéadan leictreonach
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
|
Airteagal 28 Comhéadan leictreonach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), chun gur féidir sonraí, go háirithe na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) den Rialachán seo, a tharchur idir na córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo. Beidh an comhéadan leictreonach sin i bhfeidhm faoin 1 Nollaig 2029.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/2399 chun an méid seo a leanas a chumasú:
▼M2
(a)
chun go gcuirfear ar a gcumas d’oibreoirí an oibleagáid a chomhlíonadh i dtaca leis an ráiteas maidir le dícheall cuí ar thráchtearra ábhartha nó ar tháirge ábhartha a thíolacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, trína sholáthar tríd an timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2399 agus aiseolas a fháil ina leith ó údaráis inniúla; agus
▼B
(b)
chun go mbeifear in ann an ráiteas sin maidir le dícheall cuí a tharchur chuig an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar mionsonraí na socruithe cur chun feidhme le haghaidh mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus, go háirithe, lena saineofar na sonraí, lena n-áirítear a bhformáid, atá le tarchur i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Leis na ngníomhartha cur chun feidhme, soiléireofar freisin an chaoi a dtabharfar fógra láithreach agus go huathoibríoch do na húdaráis chustaim ábhartha faoi aon athruithe ar an stádas arna sannadh ag na húdaráis inniúla ar an ráiteas maidir le dícheall cuí atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh sé go gcinnfear leis na gníomhartha cur chun feidhme freisin go dtarchuirfear sonraí sonracha áirithe atá ar fáil sa ráiteas maidir le dícheall cuí agus is gá le haghaidh gníomhaíochtaí údarás custaim, lena n-áirítear faireachas agus an comhrac in aghaidh na calaoise, agus go gclárófar i gcóras custaim an Aontais agus i gcórais chustaim náisiúnta iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|