+Airteagal 12d 6.

Airteagal 12d 6.

I gcás eintitis nach eintitis réitigh iontu féin iad, is éard a bheidh sa mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 an méid seo a leanas:

(a) 

chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:

(i) 

an méid caillteanais atá le hionsú a chomhfhreagraíonn do cheanglais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE; agus

(ii) 

méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas an comhlíonadh lena cheanglas i leith a chóimheasa caipitil iomláin dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 92(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus lena cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh; agus

(b) 

chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) a ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 12a(2), suim na méideanna seo a leanas:

(i) 

an méid caillteanais atá le hiompar a chomhfhreagraíonn do chóimheas luamhánaithe an eintitis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1); agus

(ii) 

méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas comhlíonadh an cheanglais cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a athbhunú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo nó réiteach an ghrúpa réitigh.

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 12a(2)(a), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo roinnte ar mhéid na neamhchosanta ar riosca iomlán.

Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 12a(2)(b), sloinnfear an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) i dtéarmaí céatadán mar an méid a ríomhadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, roinnte ar thomhas na neamhchosanta iomláine.

Nuair a bheidh an ceanglas aonair dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo á shocrú aige, cuirfidh an Bord san áireamh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27(7).

Agus na méideanna athchaipitliúcháin dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo á socrú aige, déanfaidh an Bord:

(a) 

leas a bhaint as na luachanna tuairiscithe is déanaí le haghaidh mhéid iomlán ábhartha na neamhchosanta ar riosca nó thomhas iomlán na neamhchosanta, arna choigeartú le haghaidh'aon athruithe de toradh ar gníomhartha leagtar amach sa phlean athstructúraithe; agus

(b) 

tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear BCE, an méid a chomhfhreagraíonn don cheanglas atá ann faoi láthair dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE a choigeartú aníos nó anuas chun an ceanglas atá le feidhm a bheith aige a chinneadh maidir leis an eintiteas ábhartha tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh.

Beidh an Bord in ann an ceanglas dá bhforáiltear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír den mhír seo a mhéadú méid iomchuí is gá chun a áirithiú, tar éis fheidhmiú na cumhachta chun ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil nó a chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, go leanfaidh an t-eintiteas de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus go mbeidh sé in ann muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.

I gcás ina bhfuil feidhm ag an séú fomhír den mhír seo, beidh an méid dá dtagraítear san fhomhír sin ionann agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte atá le feidhm a bheith aige tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21 nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh, lúide an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.

Déanfar an méid dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo a ísliú, más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla lena n-áirítear BCE, go gcinnfidh an Bord, gur indéanta agus inchreidte é gur leordhóthanach méid níos ísle chun muinín an mhargaidh a áirithiú agus chun a áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), tar éis fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21, nó tar éis réiteach an ghrúpa réitigh. Déanfar an méid sin a ardú más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, go gcinnfidh an Bord gur gá leibhéal níos airde chun muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú agus lena áirithiú go leanfaidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) d'fheidhmeanna criticiúla eacnamaíochta a sholáthar agus go mbeadh rochtain ar mhaoiniú gan gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas ranníocaíochtaí ón gCiste, i gcomhréir le hAirteagal 27(7) agus le hAirteagal 76(3), ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná bliain amháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.