+Airteagal 14 Cuspóirí réitigh
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
|
Airteagal 14 Cuspóirí réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18, cuirfidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, san áireamh, i ndáil lena bhfreagrachtaí faoi seach, na cuspóirí réitigh, agus roghnóidh siad na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí réitigh is fearr, dar leo féin, lenar féidir na cuspóirí réitigh atá ábhartha maidir le himthosca an cháis a bhaint amach.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Is iad seo a leanas na cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 1:
(a)
leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;
(b)
éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, go háirithe trí aicídiú a sheachaint, lena n-áirítear ar bhonneagair an mhargaidh, agus trí smacht an mhargaidh a chothabháil.
(c)
cistí poiblí a chosaint tríd an méid a bhítear ag brath ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú;
(d)
taisceoirí atá cumhdaithe faoi Threoir 2014/49/AE agus infheisteoirí atá cumhdaithe ag Treoir 97/9/CE a chosaint;
(e)
chun cistí cliant agus sócmhainní cliant a chosaint.
Agus na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á saothrú acu, féachfaidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún agus, nuair is ábhartha, na húdaráis réitigh náisúnta, le costas réitigh a íoslaghdú agus scriosadh luacha a sheachaint mura gá iad chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Faoi réir fhorálacha éagsúla an Rialacháin seo, is ionann tábhacht a bheidh ag na cuspóirí réitigh agus déanfar iad a chothromú, i gcás inarb iomchuí, do nádúr agus d'imthosca gach cáis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|