|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus leis na hinstitiúidí agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach amháin nuair a dhéanfaidh sé measúnú orthu, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an ceathrú fomhír nó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
(a)
tá ag cliseadh ar an eintiteas nó is dócha go gclisfidh air;
(b)
ag féachaint d'uainiú agus d'imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach lena n-áirítear bearta ó IPS nó aon ghníomhaíocht maoirseachta, lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála nó díluachála nó comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), ionstraimí caipitil ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 12g(2), a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar chliseadh an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach ama;
(c)
is gá beart réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5. Is é BCE, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a dhéanfaidh measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír. Féadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin tar éis dó a rún intinne a chur in iúl roimh ré do BCE agus sa chás amháin nach mbeidh measúnú den sórt sin déanta ag BCE laistigh de thrí lá féilire ón bhfaisnéis sin a fháil. Aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an Bord ar BCE d'fhonn eolas a thbahairt le haghaidh a mheasúnaithe, tabharfaidh BCE dó í gan mhoill. I gcás ina measúnóidh BCE go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír comhlíonta i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill. Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, a dhéanfaidh an measúnú faoin gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, i ndlúthchomhar le BCE. Féadfaidh BCE an Bord nó na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann a chur ar an eolas go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa phointe sin comhlíonta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|