I gcomhréir leis Rialacháin Foirne na nOifigeach, mar a leagtar síos iad le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (
15
) (na “Rialacháin Foirne”) dá dtagraítear in Airteagal 87(6) den Rialachán seo, tar éis don Chathaoirleach, don Leas-Chathoirleach agus do na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) den Rialachán seo éirí as seirbhís, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag an dualgas iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh.