3. I gcás ina measann an t-údarás réitigh, d’ainneoin na mbeart uile is gá arna ndéanamh ag an duine a chuireann smacht i bhfeidhm ar an ngnóthas faoi réiteach i gcomhréir le mír 1, pointe (a), gur caolseans go dtiocfaidh an ghníomhaíocht réitigh chun bheith éifeachtach i ndáil le sócmhainní áirithe atá lonnaithe i dtríú tír nó le scaireanna áirithe, ionstraimí úinéireachta eile, cearta nó dliteanais a rialaítear faoi dhlí tríú tír, ní rachaidh an t-údarás réitigh ar aghaidh leis an ngníomhaíocht réitigh. I gcás inar ordaigh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh cheana, beidh an t-ordú sin ar neamhní i ndáil leis na sócmhainní, leis na scaireanna, leis na hionstraimí úinéireachta, leis na cearta nó leis na dliteanais lena mbaineann.