2. Maidir le cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh nó gan í a dhéanamh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), beidh na cúiseanna leis an gcinneadh sin sa chinneadh.
I gcás ina ndéanfar cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh, beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa chinneadh freisin: an ghníomhaíocht réitigh, agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh iarratas a dhéanamh ar fhoirceannadh, riarthóir a cheapadh nó aon bheart eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme nó faoi bhearta réitigh eile, faoi réir Airteagal 26(7), faoin dlí náisiúnta.