|
+Airteagal 91 (1) |
Airteagal 91 (1)in Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagal 49, Airteagal 58(1), Airteagal 68(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír d’Airteagal 70(2), agus Airteagail 72 go 75, 79, 80 agus 81 den Treoir seo i gcás ina gcuirfear i bhfeidhm na huirlisí, na cumhachtaí agus na sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13), i dTeideal V de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14) nó i dTeideal III de Threoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15). (*13) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)." (*14) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)." (*15) Treoir (AE) 2025/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2017/1129 (IO L, 2025/1, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/1/oj).’;" 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|