|
+Airteagal 1 6a. |
Airteagal 1 6a.Ní bheidh feidhm ag na díolúintí a leagtar amach i bpointe (f) de mhír 4 agus i bpointe (e) de mhír 5 ach i leith urrúis chothromais, agus é sin sna cásanna seo a leanas amháin:
(a)
tá urrúis cothromais, atá inmhalartaithe le hurrúis atá ann cheana, ceadaithe cheana féin le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte roimh an gcónascadh nó an t-idirbheart gaolmhar. Ina theannta sin, níl an cónascadh á mheas mar chomhshamhlú droim ar ais faoi mhír B19 de Chaighdeáin Idirnáisiúnta na Tuairisceoireachta Airgeadais (IFRS) 3, Comhtháthú Gnó, mar a ghlac Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 1126/2008 ( 4 ); nó
(b)
d’eisigh an t‐údarás maoirseachta a bhfuil an inniúlacht aige, i gcás inarb infheidhme, athbhreithniú a dhéanamh ar an doiciméad tairisceana faoi Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) formheas roimh ré ar an doiciméad dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 4 nó i bpointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|