+Airteagal 5 Athdhíol urrús ina dhiaidh sin
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
|
Airteagal 5 Athdhíol urrús ina dhiaidh sin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
►M5
Maidir le haon athdhíol urrús ina dhiaidh sin a bhí faoi réir ceann amháin nó níos mó de na cineálacha tairisceana urrús don phobal a liostaítear in Airteagal 1(4), pointí (a) go (db), measfar gur tairiscint ar leithligh é agus beidh feidhm ag an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (d), chun a chinneadh an tairiscint urrús don phobal é an t-athdhíol sin. Beidh láithriú urrús trí idirghabhálaithe airgeadais faoi réir réamheolaire a fhoilsiú mura bhfuil feidhm ag ceann de na díolúintí a liostaítear in Airteagal 1(4), pointí (a) go (db), maidir leis an láithriú deiridh. ◄
Ní cheanglófar aon réamheolaire breise i gcás aon athdhíol urrús ina dhiaidh sin nó aon tairiscint chríochnaitheach urrús den sórt sin trí idirghabhálaithe airgeadais fad atá réamheolaire bailí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12 agus go ndéanann an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire sin a tharraingt suas é a thoiliú trí chomhaontú i scríbhinn gur féidir an réamheolaire sin a úsáid.
|
|
Airteagal 5 2.
|
I gcás ina mbaineann réamheolaire le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, urrús neamhchothromais nach bhfuil le trádáil ach ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach de, nach féidir ach amháin le hinfheisteoirí cáilithe rochtain a fháil air nó uirthi chun críocha trádála sna hurrúis sin, ní dhíolfar na hurrúis athuair le hinfheisteoirí neamhcháilithe, mura rud é go mbeidh réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheidh iomchuí d’infheisteoirí neamhcháilithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|