I gcás ina dtagann
►C1
toisc nua tábhachtach ◄ , botún substainte, nó míchruinneas substainte chun cinn nó i gcás ina dtugtar faoi deara é laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 23(1) agus i gcás ina mbaineann sé leis an bhfaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch, déanfar an forlíonadh a cheanglaítear de bhun Airteagal 23 a thíolacadh lena fhormheas chuig an údarás inniúil a d’fhormheas an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch. Tabharfar fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire faoin bhforlíonadh sin laistigh de lá amháin oibre tar éis a fhormheasta, faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.
I gcás ina mbeidh doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolairí éagsúla ag an aon am amháin, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23(5), tabharfar fógra faoin bhforlíonadh do gach údarás inniúil a d’fhormheas réamheolairí den sórt sin.