+Airteagal 31 Údaráis inniúla
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.

Airteagal 31 Údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.

Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin a bheidh freagrach as na dualgais a thig ón Rialachán seo a chomhlíonadh agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha den Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoin méid sin.

Beidh an t-údarás inniúil neamhspleách ar rannpháirtithe sa mhargadh.

Airteagal 31 2.

Maidir le foilsiú leictreonach na réamheolairí formheasta agus na ndoiciméad gaolmhar, féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá n-údarás inniúil an foilsiú sin a tharmligean chuig tríú páirtithe.

Má chinntear cúraimí a tharmligean, déanfar é le cinneadh sonrach ina ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí atá le cur i gcrích agus na coinníollacha faoina ndéanfar sin

(b) 

clásal faoina gcuirfear d'oibleagáid ar an tríú páirtí gníomhú agus a bheith eagraithe chun go seachnófar coinbhleachtaí leasa agus chun a áirithiú nach mbainfear úsáid mhíchothrom as an bhfaisnéis a fhaightear le linn do na cúraimí tarmligthe a bheith á gcur i gcrích nó nach gcuirfear cosc ar iomaíocht; agus

(c) 

na socruithe go léir a dhéanann an t-údarás inniúil agus an tríú páirtí a dtarmligtear cúraimí chuige.

Is ar an údarás inniúil atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1 a bheidh an fhreagracht chríochnaitheach maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo a mhaoirsiú agus réamheolairí a fhormheas.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun cúraimí a tharmligean amhail dá dtagraítear sa dara fomhír, lena n-áirítear na coinníollacha mionsonraithe faoina rialaítear an tarmligean sin.

Airteagal 31 3.
Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh do chríocha Eorpacha thar lear a bhfuil an Ballstát sin freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1129
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.