|
+Airteagal 25 4. |
Airteagal 25 4.Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh ÚEÚM aitheantas a thabhairt do TLU i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil chun na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9;
(b)
go bhfuil TLU sa tríú tír faoi réir údarú, maoirsiú agus maoirseachta atá éifeachtach nó, más é banc ceannais a fheidhmíonn an córas socraíochta urrús, tá an taisclann sin faoi réir maoirseachta, lena n-áirithítear go ndéanfar na ceanglais stuamachta is infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;
(c)
go bhfuil socruithe comhair bunaithe idir ÚEÚM agus na húdaráis sa tríú tír sin atá freagrach (“udaráis sa tríu tír atá freagrach”) de bhun mhír 10;
(d)
go ndéanann TLU sa tríú tír na bearta is gá, nuair is ábhartha, lena mbeidh a cuid úsáideoirí in ann dlíthe a chomhlíonadh, ar dlíthe ábhartha náisiúnta an Bhallstáit sin iad ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar, lena n-áirítear na dlíthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 49(1), agus tá leordhóthanacht na mbeart sin dearbhaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstáit sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar;
(e)
go bhfuil an TLU tríú tír bunaithe nó údaraithe i dtríú tír nach sainaithnítear mar thríú tír ardriosca sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|