|
+Airteagal 62 1. |
Airteagal 62 1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla ar a láithreán gréasáin aon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna nó beart eile riaracháin as sárú a dhéanfar ar an Rialachán seo gan mhoill mhíchuí nuair a bheidh an duine a gcuirfear smachtbhanna ina leith ar an eolas faoin gcinneadh sin. Beidh ar a laghad faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáruithe agus faoi chéannacht duine nádúrtha nó dlíthiúil ar a bhforchuirtear an smachtbhanna san fhoilsiú. I gcás ina mbeidh an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair na n-údarás ábhartha breithiúnacha nó na n-údarás ábhartha eile, foilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis ar a láithreán gréasáin oifigiúil, gan mhoill mhíchuí, maidir le stádas an achomhairc agus an toradh a bheidh air. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart. I gcás ina meastar go bhfuil sé neamhréireach ag an údarás inniúil céannacht na ndaoine dlíthiúla nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhoilsiú tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh maidir le comhréireacht i dtaca le sonraí mar sin a fhoilsiú, nó i gcás ina gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe leanúnaigh i mbaol leis an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:
(a)
cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur go dtí go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá ann maidir le neamhfhoilsiú;
(b)
foilseoidh siad an cinneadh gan smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar bhonn gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áiritheofar le foilsiú gan ainm mar sin go dtabharfaí cosaint éifeachtúil do shonraí pearsanta;
(c)
ní fhoilseoidh siad an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar chor ar bith i gcás ina measfar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
(ii)
comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad. I gcás cinneadh smachtbhannaí nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar ceal ar feadh tréimhse réasúnta i gcás ina bhforáiltear go gcuirfí deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin. Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÚM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin uile a fhorchuirtear ach nach foilsítear i gcomhréir le pointe (c) den tríú fomhír, lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leis sin agus an toradh a bheidh air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a fhorchuirtear agus cuirfidh siad faoi bhráid ÚEÚM é. Coimeádfaidh ÚEÚM bunachar sonraí lárnach de na smachtbhannaí a chuirtear in iúl dó go díreach le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Is údaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|