|
+Airteagal 63 2. |
Airteagal 63 2.Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil, ar a laghad i gcás sáraithe dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta eile seo a leanas ar a fhorchur:
(a)
ráiteas poiblí ina sonrófar an duine a bheidh freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 62;
(b)
ordú á cheangal ar an duine a bheidh freagrach as an sárú scor den iompar sin agus gan déanamh amhlaidh arís;
(c)
na húdaruithe a dheonófar faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 20 nó le hAirteagal 57;
(d)
cosc sealadach, nó i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, cosc buan i gcoinne aon chomhalta de chomhlacht bainistithe na hinstitiúide, nó aon duine nádúrtha eile a leagfar freagracht air, faoi fheidhmeanna bainistithe san institiúid a fheidhmiú;
(e)
na smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar a laghad suas le dhá oiread an bhrabúis a gnóthaíodh de thoradh an tsáraithe, i gcás inar féidir na méideanna sin a chinneadh;
(f)
maidir le duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 5 milliún, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar an dáta a nglacfar an Rialachán seo;
(g)
maidir le duine dlíthiúil, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 20 milliún nó suas le 10 % de láimhdeachas iomlán bliantúil an duine dhlíthiúil i gcomhréir leis na cuntais deiridh atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistithe, i gcás inarb ionann an duine dlíthiúil agus máthairghnóthas nó fochuideachta den mháthairghnóthas, a chaithfidh cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is ionann an láimhdeachas ábhartha bliantúil iomlán agus an láimhdeachas bliantúil iomlán nó cineál comhfhreagrach ioncaim i gcomhréir leis na Treoracha ábhartha Cuntasaíochta i gcomhréir leis na cuntais chomhdhlúite deireanacha a bhí ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistithe an mháthairghnóthais dheiridh; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|