|
+Airteagal 64 Na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach |
Airteagal 64 Na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtachAirteagal 64 Na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach Áiritheoidh Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na himthosca ábhartha go léir, nuair a chinnfidh siad cineál agus aicme na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart eile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí:
(a)
tromchúis agus ré an tsáraithe;
(b)
leibhéal freagrachta an duine a bheidh freagrach as an sárú;
(c)
neart airgeadais an duine a bheidh freagrach as an sárú, a léireofar, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh sin a bheidh freagrach nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha a bheidh freagrach;
(d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine a bheidh freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine a bheidh freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a díorthaíodh ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
leibhéal comhair an duine a bheidh freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le haisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;
(f)
sáruithe a rinne an duine atá freagrach as an sárú roimhe seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|