|
+IARSCRÍBHINN IIA UIRLISÍ BAINISTITHE LEACHTACHTA ATÁ AR FÁIL DO GCUInna |
IARSCRÍBHINN IIA UIRLISÍ BAINISTITHE LEACHTACHTA ATÁ AR FÁIL DO GCUInna
IARSCRÍBHINN IIA UIRLISÍ BAINISTITHE LEACHTACHTA ATÁ AR FÁIL DO GCUInna 1. Fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí: ciallaíonn fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí suibscríobh, athcheannach, agus fuascailt aonaid nó scaireanna an chiste a dhícheadú go sealadach. 2. Geata fuascailte: ciallaíonn geata fuascailte srian sealadach agus páirteach ar cheart na sealbhóirí aonad nó na scairshealbhóirí a n-aonaid nó a scaireanna a fhuascailt, ionas nach féidir le hinfheisteoirí ach cuid áirithe dá n-aonaid nó dá scaireanna a fhuascailt. 3. Síneadh le tréimhsí fógra: ciallaíonn an síneadh le tréimhsí fógra síneadh a chur leis an tréimhse fógra nach mór do shealbhóirí aonad nó do scairshealbhóirí a thabhairt do bhainisteoirí cistí, thar thréimhse íosta atá iomchuí don chiste, agus a n-aonaid nó a scaireanna á bhfuascailt acu. 4. Táille fuascailte: ciallaíonn táille fuascailte táille, laistigh de raon réamhchinntithe lena gcuirtear costas na leachtachta san áireamh, a íocann sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí leis an gciste agus aonaid nó scaireanna á bhfuascailt acu, agus lena n-áirithítear nach bhfuil sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí a fhanann sa chiste faoi mhíbhuntáiste míchothrom. 5. Luascphraghsáil: ciallaíonn luascphraghsáil sásra réamhchinntithe lena ndéantar glanluach sócmhainní aonad nó scaireanna ciste infheistíochta a choigeartú trí fhachtóir (“coscfhachtóir”) a chur i bhfeidhm lena léirítear costas na leachtachta. 6. Déphraghsáil: ciallaíonn déphraghsáil sásra réamhchinntithe trína socraítear praghsanna suibscríbhinne, athcheannaigh agus fuascailte aonad nó scaireanna ciste infheistíochta tríd an nglanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a choigeartú faoi fhachtóir lena léirítear costas na leachtachta. 7. Tobhach frithchaolúcháin: ciallaíonn tobhach frithchaolúcháin táille a íocann sealbhóir aonad nó scairshealbhóir tráth a dhéantar aonaid nó scaireanna a shuibscríobh, a athcheannach nó a fhuascailt, lena gcúitítear an ciste as costas na leachtachta arna thabhú mar gheall ar mhéid an idirbhirt sin, agus lena n-áirithítear nach bhfuil sealbhóirí aonad eile nó scairshealbhóirí eile faoi mhíbhuntáiste míchothrom. 8. Fuascailt chomhchineáil: ciallaíonn fuascailt chomhchineáil sócmhainní arna sealbhú ag an gciste, seachas airgead tirim, a aistriú chun freastal ar iarrataí fuascailte ó shealbhóirí aonad nó ó scairshealbhóirí. 9. Taobhphócaí: ciallaíonn taobhphócaí sócmhainní áirithe, a bhfuil a ngnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla athraithe go suntasach nó neamhchinnte de bharr imthosca eisceachtúla, a scaradh ó shócmhainní eile an chiste. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|