I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar margadh rialáilte (
7
) i dtaca leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ar leithligh nó ina chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.