|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Déanfaidh bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i ndáil leis na cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú acu, a gcuid infheisteoirí a chur ar an eolas, sula ndéanfaidh na hinfheisteoirí an cinneadh infheistíochta, ar shlí shoiléir agus intuigthe, faoi na gnéithe seo a leanas:
(a)
céannacht an bhainisteora sin agus céannacht aon soláthraithe seirbhíse eile atá faoi chonradh ag an mbainisteoir sin maidir leis an mbainistíocht a dhéanann siad ar na cistí caipitil fiontair cáilitheacha, agus tuairisc ar a gcuid dualgas;
(b)
méid na gcistí dílse atá ar fáil ag an mbainisteoir sin chun cothabháil a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha is gá chun a chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhainistiú go cuí;
(c)
tuairisc ar an straitéis infheistíochta agus ar chuspóirí an chiste caipitil fiontair cháilithigh, lena n-áirítear:
(i)
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;
(ii)
aon chistí caipitil fiontair cáilitheacha eile a bhfuil sé ar intinn acu infheistiú iontu;
(iii)
na cineálacha gnóthas punainne cáilitheach ina bhfuil sé ar intinn go ndéanfadh aon chiste caipitil fiontair cáilitheach eile, amhail dá dtagraítear i bpointe (ii), infheistiú iontu;
(iv)
na hinfheistíochtaí neamhcháilitheacha a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh;
(v)
na teicnící a bhfuil sé ar intinn aige a úsáid; agus
(vi)
aon srianta infheistíochta infheidhme;
(d)
tuairisc ar phróifíl riosca an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar aon rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní a bhféadfadh an ciste infheistiú iontu nó leis na teicnící infheistíochta a d’fhéadfaí a úsáid;
(e)
tuairisc ar nós imeachta luachála an chiste caipitil fiontair cháilithigh agus ar an modheolaíocht praghsála chun na sócmhainní a luacháil, lena n-áirítear na modhanna a úsáidtear chun na gnóthais phunainne cháilitheacha a luacháil;
(f)
tuairisc ar an tslí a dhéantar luach saothair an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach a ríomh;
(g)
tuairisc ar na costais ábhartha uile agus na méideanna uasta díobh sin;
(h)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, feidhmíocht airgeadais stairiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh;
(i)
na seirbhísí tacaíochta gnó agus na gníomhaíochtaí tacaíochta eile arna soláthar nó arna n-eagrú ag bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach trí thríú páirtithe chun forbairt, fás nó, ar shlí éigin eile, oibríochtaí leanúnacha na ngnóthas punainne cáilitheach ina n-infheistíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach a éascú nó, i gcás nach soláthraítear na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin, míniú ar an bhfíoras sin;
(j)
tuairisc ar na nósanna imeachta trína bhféadfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach a straitéis infheistíochta nó a bheartas infheistíochta, nó an dá cheann acu, a athrú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|