I gcás ina gceanglófar ar an gciste caipitil fiontair cáilitheach réamheolaire a fhoilsiú, i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála (
8
), nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis an gciste caipitil fiontair cáilitheach, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar go leithleach nó mar chuid den réamheolaire.