|
+Airteagal 19 |
Airteagal 19Airteagal 19 I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Beidh sé de chumhacht acu go háirithe:
(a)
rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
(b)
a cheangal ar an mbainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis a sholáthar gan mhoill;
(c)
a cheangal ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach nó le gníomhaíochtaí an chiste caipitil fiontair cháilithigh faisnéis a sholáthar;
(d)
tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;
(e)
bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach de bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo;
(f)
ordú a eisiúint lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo. Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas maidir le cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|