+Airteagal 3 Cuntasacht na nÚdarás
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
---+Airteagal 3 8.
---+Airteagal 3 9.
|
Airteagal 3 Cuntasacht na nÚdarás
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 2(2), is do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a bheidh siad cuntasach.
|
|
Airteagal 3 2.
|
I gcomhréir le Airteagal 226 CFAE, comhoibreoidh an tÚdarás go hiomlán le Parlaimint na hEorpa le linn aon imscrúdú a dhéanfar faoi scáth an Airteagail sin.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear an t-ábhar a bhaineann le feidhmiú dhualgais an Chathaoirligh, agus faoin 15 Meitheamh gach bliain, tarchuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Cathaoirleach páirt in éisteacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmíocht an Údaráis. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair go bliantúil. Déanfaidh an Cathaoirleach ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa, nuair a iarrfar sin air nó uirthi, agus freagróidh sé aon cheisteanna a chuirfidh a feisirí air.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Déanfaidh an Cathaoirleach tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin air nó uirthi agus déanfaidh sé an méid sin 15 lá ar a laghad sula ndtabharfaidh sé an ráiteas dá dtagraítear i mír 4.
|
|
Airteagal 3 6.
|
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 18, agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 33, beidh aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc san áireamh sa tuarascáil freisin.
|
|
Airteagal 3 7.
|
Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna ó Pharlaimint na hEorpa nó aón gComhairle air, faoi cheann cúig seachtaine tar éis í a fháil.
|
|
Airteagal 3 8.
|
Arna iarraidh sin, déanfaidh an Cathaoirleach pléití rúnda ó bhéal i seomra iata le Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh agus Comhordaitheoirí choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.
|
|
Airteagal 3 9.
|
Gan dochar dá oibleagáidí rúndachta a eascraíonn ó bheith rannpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta, cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa ar an eolas, arna iarraidh sin, i dtaca le hionadaíocht aontaithe, coiteann, comhsheasmhach agus éifeachtach ar leasanna an Aontais sna fóraim idirnáisiúnta sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|