+Airteagal 9 Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.

Airteagal 9 Cúraimí a bhaineann le cosaint do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

▼M2

(a) 

bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, amhail forbairt costas agus forbairt shirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;

▼M2

(aa) 

athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

(ab) 

táscairí riosca mhiondíola a cheapadh le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go tráthúil;

▼B

(b) 

athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;

(c) 

caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus

(d) 

rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise;

▼M2

(e) 

cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais; agus

(f) 

gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil, más infheidhme.

Airteagal 9 2.
Déanfaidh an tÚdarás faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais nua agus ar ghníomhaíochtaí airgeadais atá ann cheana agus féadfaidh sé treoirlínte agus moltaí a ghlacadh d’fhonn sábháilteacht agus fóntacht na margaí, agus chun cóineasú agus éifeachtacht na gcleachtais rialála agus maoirseachta a chur chun cinn.
Airteagal 9 3.
Féadfaidh an tÚdarás rabhaidh a eisiúint freisin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht airgeadais ina bagairt thromchúiseach ar na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1(6).
Airteagal 9 4.
Déanfaidh an tÚdarás Coiste um chosaint tomhaltóirí agus um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach de lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí d’fhonn cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha, agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Rud eile, féadfaidh an tÚdarás cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta cosanta sonraí le bheith ina mbreathnóirí ar imeachtaí an Choiste.
Airteagal 9 5.
Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díol a dhéanamh ar tháirgí, uirlisí nó ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh díobháil shuntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin.

Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuíagus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailísiú cuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó ar an tomhaltóir, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc.

Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh seasamh leis an gcinneadh sin nó gan seasamh leis.

Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.