+Airteagal 15 1.

Airteagal 15 1.

I gcás ina dtabharfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí arna leagan amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu agus is é a bheidh ina n-inneachar ná ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin go ndéanfaidh an Choimisiúin iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37.

Laistigh de thrí mhí ó dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an ndéanfaidh sé é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú mí amháin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an cinneadh maidir le glacadh a dhéanamh laistigh den tréimhse trí mhí sin. Féadfaidh an Coimisiún leis an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh go páirteach, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille le leasuithe, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leas an Aontais.

I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé é a ghlacadh go páirteach nó maille le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, á mhíniú cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige é a ghlacadhnó, ag míniú cad iad na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú don chaighdeán.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme arna ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.