+Airteagal 19 1.

Airteagal 19 1.

I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:

(a) 

ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;

(b) 

i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.

I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla, agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.