I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig na hinstitiúidí ábhartha airgeadais. Tabharfar míniú san iarraidh réasúnaithe i dtaobh cén fáth go bhfuil gá leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na hinstitiúidí aonair airgeadais faoi seach.
Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.
Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.