+Airteagal 36 Gaolmhaireacht leis an BERS
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.

Airteagal 36 Gaolmhaireacht leis an BERS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1.
Comhoibreoidh an tÚdarás go dlúth agus ar bhonn rialta leis an BERS.
Airteagal 36 2.
Déanfaidh an tÚdarás, go rialta agus go tráthúil, faisnéis a sholáthar don BERS, ar faisnéis í atá riachtanach chun a chúraimí a chomhlíonadh. Déanfar aon sonraí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán a sholáthar don BERS gan mhoill tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis an BERS, nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le hinstitiúidí airgeadais aonair.
Airteagal 36 4.
Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar an Údarás a fháil ón BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ar rabhadh nó ar mholadh den sórt sin, agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá éis sin, maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

Cinnfidh sé, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí.

Más rud é nach ngníomhóidh an tÚdarás ar rabhadh nó ar mholadh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi.

Airteagal 36 5.
Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh.

Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan moladh BERS a leanúint, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan gníomhú agus pléifidh sé na cúiseanna sin leis an mBord.

I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1094
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.