|
+Airteagal 44 1. |
Airteagal 44 1.Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlaigh cháilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fhomhír. Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus na tograí á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|