Déanfaidh an tÚdarás coiste um nuálaíocht airgeadais a bhunú, mar chuid lárnach den Údarás, lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú; cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis náisiúnta cosanta sonraí a bheith ina mbreathnóirí sa Choiste freisin.