+Airteagal 15 Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
|
Airteagal 15 Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu, agus is é a bheidh san inneachar, ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a chuid dréachtchaighdeán teicniúil rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiún iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37. Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh tarlú laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiúnt cuid de dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais. I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé gan ach cuid de a ghlacadh nó é a ghlacadh le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, más nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán. Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 15 2.
|
I gcása nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh laistigh den teorainn ama atá leagtha amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún dréacht den sórt sin a iarraidh faoina bhráid laistigh de theorainn ama nua. Cuirfidh an tÚdarás Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas amhlaidh, in am trátha, más amhlaidh nach féidir leis teacht leis an teorainn ama nua.
|
|
Airteagal 15 3.
|
I gcás nach ndéanfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama i gcomhréir le mír 2, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme gan dréacht a bheith faighte ón Údarás.
▼M3
Seolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an Coimisiún freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37.
▼B
Cuirfidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Seolfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme chuig an Údarás. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú agus é a thíolacadh don Choimisiún mar thuairim fhoirmiúil. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh.
Má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás laistigh den thréimhse sé seachtaine sin, féadfaidh an Coimisiún an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a leasú ar bhonn na leasuithe a bheidh molta ag an Údarás nó féadfaidh sé an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ábhartha.
Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme arna n-ullmhú ag an Údarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Is trí bhíthin rialachán nó cinntí a dhéanfar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh. Beidh na focail ‘caighdeán teicniúil cur chun feidhme’ sa teideal atá ar na rialacháin nó na cinntí sin. Is in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilseofar na caighdeáin sin, agus is ar an dáta a bheidh sonraithe iontu a thiocfaidh siad i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|