+Airteagal 19 Easaontais idir údaráis inniúla i staideanna trasteorann a réiteach
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 1a.
---+Airteagal 19 1b.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 3a.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
|
Airteagal 19 Easaontais idir údaráis inniúla i staideanna trasteorann a réiteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
I gcásanna atá sainithe sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, féadfaidh an tÚdarás cuidiú leis na húdaráis inniúla comhaontú a bhaint amach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo i gceachtar den dá chás seo a leanas:
(a)
ar iarratas ó údarás inniúil amháin nó níos mó lena mbaineann i gcás nach n-aontóidh údarás inniúil leis an nós imeachta nó leis an ábhar a bhaineann le gníomhaíocht, gníomhaíocht atá beartaithe nó neamhghníomhaíocht de chuid údaráis inniúil eile;
(b)
i gcásanna ina bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhféadfaidh an tÚdarás cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, i gcás inar féidir a dhéanamh amach ar bhonn cúiseanna oibiachtúla go bhfuil easaontas idir údaráis inniúla.
I gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le glacadh ag údaráis inniúla agus i gcás, i gcomhréir leis na gníomhartha sin, go bhféadfaidh an tÚdarás, dá thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt, ar a thionscnamh féin, chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla lena mbaineann, glacfar leis go bhfuil easaontas ann murar ghlac na húdaráis sin cinneadh comhpháirteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sna gníomhartha sin.
|
|
Airteagal 19 1a.
|
Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan mhoill mhíchuí nár baineadh comhaontú amach.
(a)
i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
tá an sprioc-am dulta in éag; nó
(ii)
cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla;
(b)
i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh ceann de na nithe seo a leanas:
(i)
cinneadh a bheith déanta ag péire ar a laghad de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar bhonn cúiseanna oibiachtúla; nó
(ii)
dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.
|
|
Airteagal 19 1b.
|
Measúnóidh an Cathaoirleach an cheist ar cheart don Údarás gníomhú i gcomhréir le mír 1. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás an idirghabháil dá thionscnamh féin, tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoina chinneadh maidir leis an idirghabháil. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44(4), i gcásanna ina gceanglaítear sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go bhfuil cinneadh comhpháirteach le déanamh, déanfaidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí féin a chur siar. I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás gníomhú, cuirfidh gach údarás inniúil a bhí rannpháirteach sa chinneadh comhpháirteach a chinntí siar go dtí go mbeidh an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo tcurtha i gcrích.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Déanfaidh an tÚdarás teorainn ama a leagan amach don idir-réiteach idir na húdaráis inniúla, agus aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus castacht agus práinn an ábhair á gcur san áireamh. Ag an tráth sin, gníomhóidh an tÚdarás mar idirghabhálaí.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear i mír 2, nár tháinig na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh lena gcuirfear de cheangal ar na húdaráis sin gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach agus a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais. Beidh cinneadh ón Údarás ceangailteach ar na húdaráis inniúla lena mbaineann. Féadfaidh ceanglas a bheith sa chinneadh ón Údarás gur gá do na húdaráis inniúla cinneadh a ghlac siad a chúlghairm nó a leasú nó úsáid a bhaint as na cumhachtaí atá acu faoi dhlí ábhartha an Aontais.
|
|
Airteagal 19 3a.
|
Tabharfaidh an tÚdarás fógra do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh i gcrích nósanna imeachta faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus, nuair is infheidhme, in éineacht leis an cinneadh a rinne sé faoi mhír 3.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe an rannpháirtí margaidh airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Beidh forlámhas ag cinntí nglacadh faoi mhír 4 ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar céanna. Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le fíorais atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 3 nó mhír 4 comhoiriúnach leis na cinntí sin.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 50(2), leagfaidh Cathaoirleach an Údaráis amach nádúr agus cineál na n-eastaontas atá ann idir na húdaráis inniúla, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|