|
+Airteagal 32 2. |
Airteagal 32 2.Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe ar fud an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar stóinseacht rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais i leith forbairtí díobhálacha sa mhargadh. Chuige sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a fhorbairt:
(a)
modheolaíochtaí comhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar staid airgeadais rannpháirtí sa mhargadh airgeadais, agus rioscaí a eascraíonn as forbairtí díobhálacha comhshaoil á gcur san áireamh inter alia;
(aa)
modheolaíochtaí coiteanna lena sainaithnítear rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a áireofar i measúnuithe ar fud an Aontais;
(b)
modhanna coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar chumas na rannpháirtithe margaidh airgeadais déileáil le forbairtí dochracha sa mhargadh.
(c)
modheolaíochtaí coiteanna chun an éifeacht atá ag táirgí áirithe nó ag próisis dáiliúcháin ar staid airgeadais rannpháirtí margaidh arigeadais agus ar infheisteoirí agus ar fhaisnéis do chustaiméirí;
(d)
modheolaíochtaí comhchoiteanna lena ndéantar measúnú ar an éifeacht a bhíonn ag rioscaí comhshaoil ar chobhsaíocht rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais. Chun críocha na míre seo, comhoibreoidh an tÚdarás le BERS. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|