|
+Airteagal 33 3. |
Airteagal 33 3.Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus aird faoi leith á tabhairt aige ar a n-impleachtaí i leith cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta, ar chleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí sa mhargadh i dtríú tíortha, a mhéid atá siad ábhartha do mheasúnuithe coibhéiseachta riosca-bhunaithe, ar ina leith a ghlac an Coimisiún cinntí coibhéise de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ina theannta sin, fíoróidh sé an bhfuil na critéir, ar ar a mbonn a ndearnadh na cinntí coibhéise agus a leagadh amach aon choinníollacha iontu, an bhfuil siad á gcomhlíonadh fós. Féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha sna tríú tíortha. Cuirfidh an tÚdarás tuarascáil rúnda faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) ina ndéanfar achoimre ar thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin ar na tríú tíortha uile. Díreoidh an tuarascáil go háirithe ar na himpleachtaí i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, sláine mhargaidh, cosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. I gcás ina sainaithneoidh an tÚdarás forbairtí ábhartha maidir leis na cleachtais rialála, maoirseachta nó forfheidhmithe sna tríú tíortha dá dtagraítear sa mhír seo a bhféadfadh difear a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar cheann amháin dá Bhallstát nó níos mó, ar shláine an mhargaidh nó ar chosaint infheisteoirí nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar bhonn rúnda agus gan mhoill mhíchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|