|
+Airteagal 38 2. |
Airteagal 38 2.I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 19(3) ag cur isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé, laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chinneadh an Údaráis, fógra a thabhairt don Údarás agus don Choimisiún á rá nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh a chur chun feidhme. San fhógra sin ón mBallstát, tabharfaidh sé míniú soiléir sonrach i dtaobh cén fáth go gcuireann an cinneadh isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha agus cén tslí ina gcuireann sé isteach ar a chuid freagrachtaí fioscacha. I gcás fógra den sórt sin a bheith ann, déanfar cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí. Laistigh de mhí amháin ón tráth a dtugann an Ballstát an fógra, cuirfidh an tÚdarás an Ballstát ar an eolas i dtaobh an seasann sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é. Má sheastar leis an gcinneadh nó má leasaítear é, luafaidh an tÚdarás nach gcuirtear isteach ar fhreagrachtaí fioscacha. I gcás ina seasfaidh an tÚdarás lena chinneadh, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, ag ceann dá cuid cruinnithe agus dhá mhí ar a dhéanaí tar éis don Údarás an Ballstát a chur ar an eolas mar a leagtar amach sa cheathrú fomhír, i dtaobh an bhfuiltear ag seasamh le cinneadh an Údaráis. Más rud é, tar éis don Chomhairle an t-ábhar a bhreithniú, nach ndéanfaidh sí cinneadh seasamh le cinneadh an Údaráis, i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír, déanfar cinneadh an Údaráis a fhoirceannadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|