+Airteagal 44 Cinnteoireacht
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 4.
---+Airteagal 44 5.
|
Airteagal 44 Cinnteoireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 44 1.
|
Glacfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 den Rialachán seo agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d’Airteagal 9(5) den Rialachán seo agus faoi Chaibidil VI den Rialachán seo, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn thromlach cáilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den CAE agus in Airteagal 3 den Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha. Ní vótálfaidh an Cathaoirleach ar na cinntí dá dtagraítear sa dara fomhír seo. Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (3) agus (4), agus comhaltaí an choiste um athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 30(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar chomhthoil agus na tograí á meas aige. In éagmais comhthola, déanfaidh tromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu na cinntí a ghlacadh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Maidir leis na cinntí arna nglacadh faoi Airteagal 18(3) agus (4), agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí a bhfuil vóta acu.
|
|
Airteagal 44 2.
|
Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag aon trian de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.
|
|
Airteagal 44 3.
|
Glacfaidh an Bord Maoirseoirí a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.
|
|
Airteagal 44 4.
|
Maidir leis na cinntí i gcomhréir le hAirteagal 17, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 30, déanfaidh an Bord Maoirseoirí vótáil ar na cinntí atá molta tríd an nós imeachta i scríbhinn a úsáid. Ocht lá a thabharfar do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cearta vótála acu, chun a vóta a chaitheamh. Vóta amháin a bheidh ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Measfar gur glacadh an cinneadh a moladh murab é go ndearna tromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, agóid ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh. Má chuireann triúr de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil cead vótála acu i gcoinne an nós imeachta i scríbhinn, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtchinneadh a phlé agus déanfar cinneadh maidir leis i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Ní bheidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí, cé is moite den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i láthair le linn aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le rannpháirtithe margadh airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
|
|
Airteagal 44 5.
|
Beidh an sainchumas ag Cathaoirleach an Údaráis vótáil a ghlaoch am ar bith. Gan dochar don chumhacht sin agus d’éifeachtacht nósanna imeachta cinnteoireachta an Údaráis, déanfaidh Bord Maoirseoirí an Údaráis a dhícheall teacht ar chomhthoil nuair a bheidh a chinntí á nglacadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|