Beidh seisear comhaltaí agus seisear malartach ar an mBord Achomhairc, ar daoine iad a mbeidh dea-cháil orthu agus a mbeidh cruthaithe acu go bhfuil eolas ábhartha ar dhlí an Aontais acu agus an taithí ghairmiúil idirnáisiúnta ar leibhéal leordhóthanach i réimse na baincéireachta, i réimse an árachais, i réimse na bpinsean gairme, i réimse na margaí urrús nó i réimse na seirbhísí airgeadais eile, agus ar daoine iad nach baill d’fhoireann reatha na n-údarás inniúil nó institiúidí náisiúnta eile nó institiúidí eile no comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis agus nach comhaltaí de chuid an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí iad. Beidh na comhaltaí agua na malartacha ina náisiúnaigh de Bhallstát agus beidh eolas cuimsitheach acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad. Beidh saineolas leordhóthanach dlíthiúil ag an mBord Achomhairc chun comhairle shaineolach dhlíthiúil a thabhairt i dtaobh dhlíthiúlacht, lena n-áirítear comhréireacht, fheidhmiú a chumhachtaí ag an Údarás.
▼B
Déanfaidh an Bord Achomhairc a Uachtarán a ainmniú.