+Airteagal 62 Buiséad an Údaráis
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
|
Airteagal 62 Buiséad an Údaráis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Is é a bheidh in ioncam an Údaráis, comhlacht Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
21
) (‘an Rialachán Airgeadais’), go háirithe teaglaim díobh seo a leanas:
▼B
(a)
ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe margaidh airgeadais, ar ranníocaíochtaí iad a dhéanfar i gcomhréir le foirmle atá bunaithe ar an ualú vótaí a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha. Chun críocha an Airteagail seo, leanfaidh Airteagal 3(3) den Phrótacal (Uimh. 36) maidir le forálacha idirthréimhseacha d’fheidhm a bheith aige tar éis spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair 2014 a bhunaítear ansin;
(b)
fóirdheontas ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);
(c)
aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna a shonraítear sna hionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais;
▼M3
(d)
ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí;
(e)
Táillí comhaontaithe a bhaineann le foilseacháin, oiliúint agus le haon seirbhísí eile arna soláthar ag an Údarás i gcás ina ndearna údarás inniúil amháin nó níos mó iad a iarraidh go sonrach.
Ní ghlacfar le haon anníocaíocht dheonach ó na Ballstáit ná ó bhreathnóirí dá dtagraítear i pointe d den chéad fhomhír má chaitear amhras ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Údaráis i ngeall ar an nglacadh sin. Ranníocaíochtaí deonacha airgeadais arb ionann iad agus cúiteamh i leith costas na gcúraimí arna dtarmligean ag údarás inniúil chuig an Údarás, ní mheasfar iad ina gcúis amhrais ar neamhspleáchas an údaráis réamhráite sin.
▼B
|
|
Airteagal 62 2.
|
Áireofar i gcaiteachas an Údaráis, ar a laghad, costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus costais oibríochtúla.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.
|
|
Airteagal 62 4.
|
Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Údaráis a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1095
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|