|
+Airteagal 10 Úsáid an chur chuige chaighdeánaithe a nochtadh |
Airteagal 10 Úsáid an chur chuige chaighdeánaithe a nochtadhAirteagal 10 Úsáid an chur chuige chaighdeánaithe a nochtadh Na hinstitiúidí a dhéanann méideanna neamhchosanta ualaithe a ríomh ó thaobh priacail faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, nochtfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 444 agus in Airteagal 453, pointí (g), (h) agus (i), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 444, pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as tábla EU CRD d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(b)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 453, pointe (g), (h) agus (i), agus Airteagal 444 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CR4 d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 444, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CR5 d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i dtaca le faisnéis faoi na luachanna risíochta a bhaintear as cistí dílse dá dtagraítear san Airteagal céanna sin, trí úsáid a bhaint as teimpléad EU CC1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|